Sa Roinn Seo
Réamhrá
D’fhéadfadh go mbeadh víosa ag teastáil uait más mian leat taisteal go hÉirinn nó dul trí aerfort Éireannach ar do bhealach chuig ceann scríbe eile.
Cén chuma atá ar víosa
Má éiríonn le d’iarratas ar víosa, cuirfear doiciméad (cosúil leis an gceann sa phictiúr thíos) isteach ar leathanach bán de do phas nó doiciméad taistil. Seo é do víosa:
Maidir le do víosa
Le víosa, is féidir leat taisteal go hÉirinn le linn na ndátaí a thaispeántar ar an doiciméad víosa. Ní ráthaíonn sé go gceadófar isteach in Éirinn thú.
Nuair a shroicheann tú an rialú teorann, déanfaidh oifigeach inimirce scrúdú ar do víosa, do phas agus doiciméid eile. Féadfaidh an t-oifigeach cead isteach go hÉirinn a dhiúltú duit fiú má tá víosa agat.
Má thugtar cead duit dul isteach, cuirfidh an t-oifigeach ‘stampa tuirlingthe’ ar do phas.
Léiríonn an stampa tuirlingthe an chúis le do chuairt, mar shampla , saoire, obair, staidéar. Taispeánann sé freisin cé chomh fada agus is féidir leat fanacht, suas go dtí 90 lá ar a mhéad.
