Ag teacht chun na hoibre in Éirinn

Déan iniúchadh ar do roghanna

Más mian leat a bheith ag obair in Éirinn agus más náisiúnach neamh-LEE/neamh-Eilvéiseach thú, beidh ort Cead Fostaíochta bailí nó Cead Neamhthipiciúil a bheith agat ar dtús. Ag brath ar do náisiúntacht, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar víosa freisin. Ansin caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an gcead cuí.

Má tá sé i gceist agat fanacht níos faide ná 90 lá beidh ort clárú freisin.

class="img-responsive

Eolas ar theacht chun na hoibre in Éirinn

Sa rannán seo gheobhaidh tú na roghanna atá ar fáil duit chun oibriú in Éirinn. Tá ceadanna éagsúla ann ag brath ar fhad d'fhostaíochta agus ar do chineál fostaíochta.

Ag brath ar fhad do chuid oibre, beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa gearrfhanachta (C) nó ar víosa fadfhanachta (D) sula dtagann tú go hÉirinn.

Míneoimid ar an leathanach seo cad atá le déanamh agat tar éis duit teacht isteach sa Stát. Má tá tú ag fanacht níos faide ná 90 lá beidh ort clárú.

Tugtar freagraí sa rannán seo ar cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith agat maidir le teacht ag obair in Éirinn.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le conas an córas iarratais víosa a úsáid a fháil ag an leathanach seo. Is féidir an treoir seo a aistriú go roinnt teangacha éagsúla ach cliceáil ar an nasc 'Roghnaigh do theanga' ag barr an leathanaigh sin.

Rinneadh an leathanach seo a nuashonrú go deireanach ar August 16, 2023