Tá síneadh ama curtha leis an dáta deiridh le haghaidh gach aighneachta faoi Chlár Iontrála na hAfganastáine go dtí an 11 Márta 2022. Bhí an Clár le dúnadh an 24 Feabhra 2022.

Tá síneadh curtha leis an dáta deiridh le go mbeidh sé ar chumas iarratasóirí ar mian leo urraíocht a dhéanamh do bhaill teaghlaigh a bhfuil tionchar ag staid na hAfganastáine orthu teacht go hÉirinn.

Is féidir le hiarratasóirí urraíochta iarratas a dhéanamh thar ceann a ndeartháireacha mionaoiseacha nó thar ceann leanaí mionaoiseacha de chuid tairbhí aosaithe aonair atá beartaithe faoin gClár. Sna himthosca seo, ba cheart an rogha maidir le ‘duine fásta soghonta gar-bhall teaghlaigh’ a roghnú i Roinn 2A.8 den fhoirm iarratais. Ba cheart míniú ar nádúr an chaidrimh idir an t-urraitheoir agus/nó na tairbhithe beartaithe a chur san áireamh i roinn 2A.8a den fhoirm.

Eisíodh Ceisteanna Coitianta nuashonraithe an 21 Feabhra 2022 chun tacú leis na hiarratais seo.