Sa Roinn Seo
Réamhrá
Mínítear ar an leathanach seo cad is sonraí Réamhfhaisnéis Paisinéirí ann agus cad a úsáidtear dó.
Léigh thíos, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.
Cad is sonraí API ann?
Tagraíonn Réamhfhaisnéis Paisinéirí (API) d’fhaisnéis atá sa chrios meaisín-inléite de phas an phaisinéara amhail:
Áiríonn sonraí API faisnéis eitilte freisin mar:
Cad é an bunús dlí le sonraí API a bhailiú?
Is é an bunús dlí le sonraí API a bhailiú ná Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Sonraí Paisinéirí a Chur in iúl) 2011 (IR 597 de 2011). Déanann na Rialacháin seo Treoir 2004/82/CE maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl a thrasuí i ndlí na hÉireann.
Éilíonn na Rialacháin seo ar aeriompróirí sonraí API a tharchur chuig Seirbhís Inimirce na hÉireann maidir le gach eitilt isteach go hÉirinn ó lasmuigh den Aontas Eorpach.
Cén úsáid a bhaintear as sonraí API?
Úsáideann Aonad Bainistíochta Teorann Sheirbhís Inimirce na hÉireann sonraí API chun críocha bainistíochta teorann agus rialaithe inimirce, agus chun daoine imní a aithint roimh thaisteal.
Cé chomh fada a choimeádtar sonraí API?
Scriostar sonraí API a bhailítear faoi na Rialacháin seo laistigh de 24 uair an chloig ó theacht na heitilte. Mar sin féin, féadfar sonraí API a bhaineann le duine ar údar imní é a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide más gá chun críocha rialaithe teorann agus rialuithe inimirce. I gcúinsí den sórt sin, féadfar na sonraí API a choinneáil ar feadh tréimhse suas le 3 bliana.