Sa Roinn Seo
Réamhrá
Mínítear ar an leathanach seo faoin gComhlimistéar Taistil (CTA) agus cad a chiallaíonn sé do phaisinéirí.
Cad é an Comhlimistéar Taistil (CTA)?
Tá an Comhlimistéar Taistil (CTA) comhdhéanta den Ríocht Aontaithe, Oileáin Mhuir nIocht, Oileán Mhanann agus Éire. Laistigh den CTA, is féidir le saoránaigh Éireannacha agus Briotanacha taisteal gan bhac. Léigh thíos le do thoil le haghaidh cad a chiallaíonn sé sin do phaisinéirí atá ag teacht.
Cad a chiallaíonn an CTA do phaisinéirí a thagann isteach?
Go ginearálta ní scartar paisinéirí a thagann chuig aerfoirt agus calafoirt na hÉireann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn a fhios ag oifigigh inimirce atá i mbun dualgais rialaithe inimirce ag aerfoirt sa Stát cá háit ar thaistil paisinéirí nuair a bhíonn paisinéirí i láthair ag deasca rialaithe inimirce.
Ar an ábhar sin, is gá d'oifigigh inimirce a shuíomh cad as a tháinig paisinéirí, agus mar sin féadfaidh oifigeach inimirce ceisteanna a chur ar phaisinéirí d'fhonn a náisiúntacht agus a gcalafort bordála a shuíomh.
Doiciméid úsáideacha le taispeáint
Nuair is deimhin leis an oifigeach inimirce gur saoránach den CTA é duine agus gur thaisteal an duine ón Ríocht Aontaithe, ní dhéanfaidh an tOifigeach Inimirce aon cheanglas breise ar an duine sin. Is féidir le duine atá i dteideal leas a bhaint as an CTA cabhrú leis an oifigeach inimirce trí cheann díobh seo a leanas a thaispeáint: