Ag teacht chun dul i mbun staidéir in Éirinn

Déan iniúchadh ar do roghanna

Má tá tú ag iarraidh dul i mbun staidéir in Éirinn agus nach náisiúnach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch/Eilvéis thú, caithfidh:

  • Litir rollaithe a bheith agat.
  • Do chuid táillí a bheith íoctha agat.

Ag brath ar do náisiúntacht, féadfaidh sé go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa, freisin. Má tá tú ag beartú fanacht níos faide ná 90 lá, beidh ort clárú, freisin.

Pictiúr de Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

Cad tá ag teastáil uaim chun dul i mbun staidéir in Éirinn?

Sa roinn seo, gheobhaidh tú na roghanna atá ar fáil duit maidir le dul i mbun staidéir in Éirinn. Tá de rogha agat freastal ar chúrsa tríú leibhéal in ollscoil nó in institiúid eile tríú leibhéal, freastal ar chúrsa teanga, ar bhunscoil nó meánscoil phríobháideach táille, nó ar chúrsa gearrthéarma.

Ag brath ar cé chomh fada is a mhairfidh do chuid staidéir, beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta nó ar víosa fadfhanachta sula dtagann tú go hÉirinn. Más rud é go mbeidh tú ag fanacht níos faide ná 90 lá, beidh ort clárú, freisin, tar éis duit teacht isteach in Éirinn.

Ar an leathanach seo, míneoimid ar gá duit a dhéanamh sula dtagann tú go hÉirinn agus ar gá duit a dhéanamh tar éis duit teacht isteach sa tír.

Is féidir treoir céim ar chéim maidir le conas an córas iarrtha víosa a úsáid a fháil ar an leathanach seo. Is féidir an treoir seo a aistriú go roinnt teangacha éagsúla ach cliceáil ar an nasc ‘Roghnaigh do theanga’ ag barr an leathanaigh sin.

Roghanna eile staidéir

Is féidir leat níos mó a fháil amach faoinar gá duitse agus do do scoil a dhéanamh nuair atá sibh ag beartú cuairt a thabhairt ar Éirinn ar thuras gearrthéarma scoile.

Ar an gcéad leathanach eile, leagtar amach an beartas agus na ceanglais, más mian leat teacht go hÉirinn mar chuntasóir faoi oiliúint.

Cuirtear freagraí ar fáil sa roinn seo ar cheisteanna a fhéadfaidh a bheith agat.

Rinneadh an leathanach seo a nuashonrú go deireanach ar 1 Iúil, 2024