Sa Roinn Seo
Réamhrá
Más mian leat cúrsa staidéir gearrthéarmach a dhéanamh (mar shampla – níos lú ná 90 lá chun an Béarla nó an Ghaeilge a fhoghlaim, nó le haghaidh staidéar cultúrtha) in Éirinn agus go bhfuil tú ó thír a bhfuil víosa ag teastáil uait féachfar ort mar chuairteoir agus beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa Ghearrfhanachta (ar a dtugtar Víosa C freisin).
Sula ndéanann tú iarratas ar do víosa
Caithfidh gach mac léinn clárú agus íoc as a gcúrsa staidéir (go hiomlán) roimh thaisteal go hÉirinn. Má tá víosa ag teastáil uait, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar víosa Cuairte Gearrfhanachta (Turasóirí) chun staidéar a dhéanamh in Éirinn. Ní bheidh cead agat teacht go hÉirinn gan víosa.
Nuair a bheidh tú ag taisteal
A ullmhú le haghaidh rialú teorann. Beidh ort a chruthú go bhfuil cúis bhailí agat le dul isteach in Éirinn (mar shampla, staidéar) chuig oifigeach inimirce ag rialú teorann. Chun é sin a dhéanamh beidh do phas, víosa (más gá) agus roinnt doiciméad eile uait. Mura féidir leat an t-oifigeach inimirce a shásamh faoi na cúiseanna atá agat le taisteal, ní bheidh cead agat taisteal go hÉirinn.