Sa Roinn Seo
Réamhrá
Tagraíonn an t-eolas ar an leathanach seo d’iarratais ar víosa nuair a ordaíonn an Fhoirm Iarratais ar líne duit an t-iarratas a sheoladh chuig Oifig Víosaí Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn an córas ar líne an Fhoirm Iarratais nuair a chliceálann tú ag deireadh do shonraí a chomhlánú ar líne ar AVATS.
Cá seolfaidh mé m'iarratas?
Sa chás go bhfuil treoir tugtha ag an bhFoirm Iarratais ar líne don iarratasóir an t-iarratas a sheoladh go Baile Átha Cliath ní mór í a sheoladh chuig:
Rannán Víosa
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
13-14 Cé an Bhúirge
Baile Átha Cliath 2, D02 XK70
Éire
Moltar duit a chinntiú go seoltar an t-iarratas ar bhealach slán, i.e., le cúiréireachta nó leis an bpost cláraithe, ionas gur féidir é a rianú.
Cuir gach doiciméad tacaíochta le d’iarratas.
Conas is féidir liom an táille iarratais a íoc le hOifig Víosaí Bhaile Átha Cliath?
Fógra Tábhachtach do Chustaiméirí
Ó Luan, an 8 Nollaig 2025 ar aghaidh, beidh ar chustaiméirí víosa Éireannacha atá ag cur a n-iarratas víosa isteach chuig Oifig Víosa Bhaile Átha Cliath a dtáille víosa a íoc mar chuid den phróiseas iarratais ar líne AVATS. Chun a fheiceáil an bhfuil do thír féin san áireamh san athrú seo, cliceáil ar an nasc seo a leanas: Íocaíochtaí Ar Líne AVATS Clúdach Tíre Leagan PDF 20 Eanáir 2026
Gheobhaidh custaiméirí a chuireann a bhfoirm iarratais AVATS isteach ar an dáta seo nó dá éis ríomhphost deimhnithe íocaíochta ó Sheachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) ina mbeidh a n-Aitheantas Idirbhirt Íocaíochta (m.sh. visa_20251021104656_10029172). Tabhair faoi deara, le do thoil , go mbeidh ort cóip de do ríomhphost deimhnithe íocaíochta a sholáthar nuair a chuireann tú d’iarratas agus doiciméid tacaíochta chuig Oifig Víosa Bhaile Átha Cliath lena bpróiseáil.
Doiciméid a thabhairt ar ais
Seolaimid pasanna tríd an bpost cláraithe chuig seoltaí in Éirinn nó sa RA.
Tá sé inmholta go gcoimeádfá cóipeanna de na doiciméid go léir a chuirtear isteach le d’iarratas. Seolfar doiciméid bhunaidh ar nós teastais phósta/bhreithe ar ais chugat. Ní thabharfar ar ais ráitis bhainc, litreacha cuiridh srl., áfach. Má tá doiciméid shonracha ann ar mian leat iad a chur ar ais chugat, cuir isteach liosta díobh seo le d’iarratas.
Má tá seoladh agat lasmuigh d’Éirinn nó den RA ní mór duit: