Glao ar Thograí 2026: Soláthar Ionadaithe do Mhionaoisigh Gan Tionlacan atá ag Teacht Isteach sa Stát agus ag Déanamh Iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta. (Clár Píolótach)
Mar chuid dá cur i bhfeidhm ar Chomhaontú Imirce an AE, ní mór don Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ionadaithe a sholáthar do Mhionaoisigh Gan Tionlacan a thagann isteach sa Stát agus atá ag lorg Cosaint Idirnáisiúnta. Chuige sin, tá an Roinn ag lorg moltaí ó eagraíochtaí ar spéis leo an tseirbhís seo a sholáthar ar bhonn píolótach [...]