Is bealach nua é Cúntóir Fíorúil chun cabhrú leat le do cheist. Níl le déanamh agat ach ceist a chur agus freagra láithreach a fháil. Is clár ríomhaireachta é ár gCúntóir Fíorúil atá deartha chun faisnéis a sholáthar duit bunaithe ar na ceisteanna a chuireann tú agus atá ar fáil chun déileáil le do cheisteanna 24/7.
Ní comhairle dhlíthiúil í an fhaisnéis a sholáthraíonn Cúntóir Fíorúil. Tá sé beartaithe cabhrú leat le do cheist agus treoir a thairiscint maidir leis na seirbhísí atá ar fáil duit. Más gá comhairle shonrach duit, ba chóir duit dul i dteagmháil le comhairleoir nó le haturnae. Trí Chúntóir Fíorúil a úsáid, aontaíonn tú go bhfaightear aon fhaisnéis ar do rogha féin agus ar do phriacal féin. Ní bheidh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce freagrach as an bhfaisnéis ná na torthaí a fhaightear, ná ní bheidh siad faoi cheangal ar aon bhealach ag an bhfaisnéis ná na torthaí a fhaightear.
Cuirtear an t-ábhar agus an bunús atá leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar fáil de mheon macánta. Déanann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce athbhreithniú agus leasú rialta ar an ábhar atá le cur ar fáil de réir mar is gá, ach ní ghlacann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce aon fhreagracht as aon earráidí, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha. Trí úsáid a bhaint as Cúntóir Fíorúil, glacann tú leis nach ndéanann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce aon bharántais, gealltanais, dearbhuithe ná ráthaíochtaí maidir le cruinneas, iontaofacht nó tráthúlacht na dtorthaí.
Cé go ndéanann Cúntóir Fíorúil iarracht a bheith chomh cruinn agus chomh cothrom le dáta agus is féidir, ní ghlacann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce le haon fhreagracht as aon chaillteanas, damáiste nó míchaoithiúlacht nó aon dochar nó costas, a eascraíonn as úsáid (nó brath ar) nó an neamhábaltacht faisnéis, sonraí nó feidhmeanna an Chúntóra Fíorúil a úsáid.
Má tá aon cheist agat, cláraigh le do thoil nó logáil isteach i do chuntas Seirbhíse do Chustaiméirí .