Beidh na chéad searmanais saoránachta eile ar siúl Dé Luain 2 Deireadh Fómhair 2023 san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath (CCD).
Ná téigh i dteagmháil linn ina thaobh seo, le do thoil, mar nach bhfuil deis againn cuirí a dheimhniú ag an gcéim seo. Eiseofar cuirí in am trátha.
Ceanglófar ar iarrthóirí doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird chun críocha fíoraithe – Pas bailí, mar shampla. Tá ceadúnas tiomána ar an gcineál eile aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfar glacadh leis. Sa chás nach mbeidh tú ábalta pas bailí a thabhairt ar aird tabhair modh eile aitheantais leat, le do thoil.
Ag an searmanas, tabharfaidh iarrthóirí mionn dílseachta don náisiún, agus, leis sin, tiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh Éireannacha. Déanfar deimhnithe eadóirseachta a eisiúint leis an bpost cláraithe ar dháta níos déanaí.
Léigh cur síos níos faide ar cad a tharlaíonn ag searmanas anseo: https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-a-citizen/citizenship-ceremonies/