Sa Roinn Seo
Réamhrá
Má fuair tú do shaoránacht trí eadóirsiú, tá roinnt cúinsí ann inar féidir í a chúlghairm (a thabhairt ar ais uait) ar nós faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar.
Conas a tharlaíonn cúlghairm
Forálann Alt 19 den Acht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireann, 1956 chun deimhnithe eadóirseachta a chúlghairm. Rachaidh an tAire Dlí agus Cirt i dteagmháil leat má tá do shaoránacht le cúlghairm. Má tá do shaoránacht le cúlghairm, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar fhiosrúchán maidir leis na cúiseanna atá leis sin.
Nuashonraíodh an leathanach seo an 17 Bealtaine 2023