Sa Roinn seo
Réamhrá
Is féidir leat a sheiceáil anseo an saoránach Éireannach ó bhreith nó ó ghinealach thú. Is féidir leat d’incháilitheacht chun bheith i do shaoránach Éireannach a sheiceáil, freisin, lenár dtreoir maidir le hincháilitheacht agus lenár gceistneoir maidir le hincháilitheacht.
Léigh thíos, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.
Rugadh lasmuigh d’Éirinn thú?
Má rugadh lasmuigh d'Éirinn thú, déan teagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha (DFA) le haghaidh ceisteanna faoi shaoránacht bunaithe ar nasc le gaol Éireannach. Bainistíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha Clár na mBreitheanna Coigríche agus cinnfidh siad an bhfuil tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach bunaithe ar bhreith nó ar shliocht.
Má chuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha in iúl nach bhfuil tú i dteideal bheith i do shaoránach Éireannach bunaithe ar bhreith nó ar ghinealach, ansin féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht. Léigh Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann le do theidlíocht chun saoránachta a sheiceáil.
Treoir maidir le hincháilitheacht le haghaidh saoránachta
Féach, le do thoil, ar ár dtreoir úsáideach chun cabhrú leat a sheiceáil go tapa an bhfuil tú incháilithe le haghaidh Shaoránacht Éireann ó bhreith nó ó ghinealach.
Ceistneoir maidir le hincháilitheacht le haghaidh saoránachta
Is féidir leat a sheiceáil, freisin, an saoránach Éireannach thú ó bhreith nó ó ghinealach nuair a chomhlánaíonn tú an treoircheistneoir thíos.
Níor Aimsíodh aon Réimsí.