Sa Roinn Seo
Uasghráduithe Stampa 4
D’fhéadfadh fostaithe atá ina gcónaí sa Stát ar chead Stampa 1 nó 1H ar bhonn cead fostaíochta agus mar Thaighdeoirí ar Chomhaontú Óstála a bheith incháilithe le haghaidh cead Stampa 4 bunaithe ar an tréimhse ama ó thús na fostaíochta sa Stát.
Critéir incháilitheachta
Tar éis 21 mhí a bheith críochnaithe ó thús na fostaíochta sa Stát, ar bhonn :
(i) Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla;
(ii) Comhaontú Óstála mar Thaighdeoir;
(iii) Cead Fostaíochta Ginearálta Il-Láithreáin mar Dhochtúir Ospidéil Neamhchomhairleach.
Tabhair faoi deara le do thoil:
Athnuachan Ar Líne
Nuair a chomhlíonann tú an incháilitheacht thuasluaite, féadfaidh tú do chead fanacht faoi choinníollacha Stampa 4 a athnuachan tríd an Tairseach Ar Líne ISD. Is féidir sonraí a fháil anseo: Do chead clárúcháin a athnuachan
Beidh ceadanna Stampa 4 a eiseofar faoin mbonn seo in-athnuaite gach 2 bhliain do dhaoine atá incháilithe faoi chatagóirí (i), (ii), agus (iii) agus gach bliain do dhaoine atá incháilithe faoi chatagóir (iv) agus (v).