Oifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce Tá líon an-mhór iarratas á dhéanamh faoi láthair ag Oifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath, ar athnuachan cead agus tá tréimhse próiseála 3-4 seachtaine acu faoi láthair chun cárta IRP a athnuachan.
Tar éis don athnuachan Clárúcháin a bheith críochnaithe féadfaidh sé dhá sheachtain eile a thógáil chun an cárta IRP nua a fháil tríd an bpost. D’fhéadfadh go mbeadh gá le cárta IRP le dáta chun taisteal chuig agus ón Stát a éascú.
Chun cabhrú le Náisiúnaigh Neamh-LEE a bhfuil cónaí orthu go dleathach sa Stát agus a bhfuil sé ar intinn acu taisteal thar thréimhse saoire na Nollag tá an tAire ag tathant ar chustaiméirí iarratas athnuachana a chur isteach ar líne faoin 31 Deireadh Fómhair 2024, má tá do chead reatha ag dul in éag idir seo agus an dáta imeachta atá beartaithe agat nó le linn taistil.
Mar sin, ba cheart do Náisiúnaigh Neamh-LEE sa Stát, a gceanglaítear orthu iarratas a dhéanamh ar athnuachan ar a gcárta IRP, roimh nó le linn aon taistil idirnáisiúnta atá beartaithe thar thréimhse saoire na Nollag atá le teacht, iarratas a dhéanamh ar líne trí thairseach ar líne ISD a luaithe is féidir.
Ní féidir le hOifig Chlárúcháin na Seirbhísí Inimirce, Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath ráthaíocht a thabhairt go ndéanfar aon athnuachan a chuirtear isteach tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2024 a phróiseáil agus go seachadfar cárta IRP in am chun taisteal thar thréimhse saoire na Nollag a éascú. Mar sin féin, déanfar gach iarracht é sin a dhéanamh.
Tabhair faoi deara le do thoil: Beag beann ar an dáta a chuirtear isteach nó a bpróiseálfar iarratas ar athnuachan, beidh an tréimhse bailíochta chun an cead a athnuachan bunaithe ar an dáta éaga reatha.