Má chláraíonn tú agus má d’íoc tú as clár Béarla atá liostaithe ar an ILEP is féidir leat clárú le haghaidh cead inimirce Stampa 2 suas le hocht mí.
Féadfaidh tú do chead a shíneadh ar feadh ocht mí eile má chláraíonn tú ar chlár Béarla 25 seachtaine eile. Lorgóidh oifigigh inimirce fianaise ar thorthaí scrúduithe agus ar thinreamh. Beidh ort dul chun cinn a dhéanamh i do chuid staidéir, trí chlárú ar chlár le scrúdú ag leibhéal méadaithe.
Chun síneadh a chur le do chead inimirce mac léinn ní mór duit:
- clárú ar chlár ardleibhéil a mhaireann 25 seachtain ar a laghad
- cuir fianaise ar fáil gur fhreastail tú ar ranganna ar a laghad 15 uair sa tseachtain ar do chúrsa roimhe seo
- cuir fianaise ar fáil gur fhreastail tú ar 85% ar a laghad de do ranganna cúrsa roimhe seo
- scrúdú deireadh cláir a dhéanamh agus torthaí scrúduithe a sholáthar.
Má chomhlíonann tú na riachtanais thuas, féadfaidh tú staidéar a dhéanamh ar chúrsaí Béarla ar feadh trí chead ocht mí an ceann ar a mhéad, go dtí dhá bhliain san iomlán. Tar éis an ama sin ní mór duit clárú ar ardchlár oideachais CNC QQI atá liostaithe ar an ILEP más mian leat fanacht sa Stát mar mhac léinn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an leathanach Pleanáil chun staidéar a dhéanamh in Éirinn ar an suíomh Gréasáin www.irishimmigration.ie .
Tabhair faoi deara le do thoil: D’fhéadfadh go mbeadh roinnt solúbthachta tugtha ag athnuachan roimhe seo ar do chead inimirce mar gheall ar shrianta Covid-19. Mar sin féin, níl aon athrú ar na ceanglais thuas chun síneadh a chur le cead agus cuirfear i bhfeidhm iad i ngach cás.