Glao oscailte ar thograí chun tacú le seachadadh Seirbhísí Ath-imeasctha do Náisiúnaigh Tríú Tíortha nach as an LEE iad
Tá Seachadadh Seirbhíse Inimirce ag lorg iarratais ó eagraíochtaí chun tacú le seachadadh seirbhísí tacaíochta athimeasctha mar chuid den chlár um fhilleadh deonach don tréimhse ón 1 Nollaig 2025 go dtí an 31 Eanáir 2027.
Ba cheart go mbeadh taithí agus saineolas inléirithe ag iarratasóirí maidir le bheith ag obair le náisiúnaigh tríú tíortha agus ní mór dóibh a bheith in ann an tionscadal a chur i gcrích in Éirinn agus i líon mór tríú tíortha.
Tá sonraí faoi na cineálacha gníomhartha atá incháilithe ar fáil sna Treoirlínte d’Iarratais. Léigh na Treoirlínte d’Iarratais seo le do thoil agus comhlánaigh an fhoirm Iarratais de réir na dtreoirlínte sa doiciméad céanna. Beidh gá Foirm Rúndachta a chomhlánú freisin agus a sheoladh leis an bhfoirm Iarratais chomhlánaithe.
Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus dearbhú rúndachta i gcóip bhog chuig an seoladh seo a leanas;
nó i gcóip chrua chuig an seoladh thíos:
Aonad um Fhilleadh Deonach, Aonad um Athdhúichiú (Socruithe) ,
Seachadadh Seirbhíse Inimirce, An Roinn Dlí agus Cirt,
13/14 Cé an Bhurgaigh, Baile Átha Cliath 2, D02 XK70
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná
13:00 ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair, 2025