Má thagann athrú ar do chás agus tú i do chónaí in Éirinn d’fhéadfadh go mbeadh tionchar aige seo ar do chead inimirce agus mar sin ní mór duit comhairle a thabhairt do Sheachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) na Roinne Dlí agus Cirt.
I measc na samplaí d’athrú i gcúinsí tá cásanna inar phós tú, gur athraigh tú fostaíocht, nó gur chríochnaigh tú do chuid staidéir.
Sna cásanna seo go léir tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh tú an ISD ar an eolas faoi na hathruithe sin. Léigh tuilleadh thíos faoi na roghanna atá ar fáil agus na céimeanna nach mór duit a leanúint.
Cad iad na roghanna atá agam?
Teaghlaigh
Sa chás go bhfuil do chás teaghlaigh athraithe ní mór duit ISD a chur ar an eolas láithreach. Cliceáil le do thoil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar na ceadanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ort. Táim anois….
Obair & Staidéar
Má thagann athrú ar do chás fostaíochta nó má bhain tú céim amach agus má tá tú i dteideal fostaíochta anois. Cliceáil le do thoil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar na ceadanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ort. Caithfidh mé….
Am
Má tá cónaí ort in Éirinn go dleathach le roinnt blianta anuas d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht nó ar chineál eile de chead cónaithe feabhsaithe. Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
Pearsanta
I gcás ina bhfuil athrú ar do chás pearsanta nó ar do chúinsí a théann i bhfeidhm ar do chead inimirce, ba cheart duit dul i dteagmháil le ISD láithreach. Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais. Teastaíonn tuilleadh eolais uaim faoi…