Sa Roinn Seo
Réamhrá
Má tá uchtú coigríche críochnaithe agat ní mór duit litir imréitigh inimirce a fháil mar chuid den phróiseas uchtála.
Más náisiúnach Éireannach nó neamhnáisiúnach thú in Éirinn agus más mian leat leanbh a uchtú ó lasmuigh d’Éirinn, tabhair faoi deara le do thoil gur ceist d’Údarás Uchtála na hÉireann go príomha í uchtáil thar lear.
Cad is litir imréitigh inimirce ann?
Tugann litir imréitigh inimirce cead duit an leanbh a thabhairt go hÉirinn. Beidh ort an litir inimirce seo a thíolacadh d’oifigeach inimirce nuair a fhilleann tú ar Éirinn.
Conas a dhéanaim iarratas ar Litir na Seirbhíse Inimirce?
Beidh ort:
Seolfar na doiciméid seo ar ais chugat le do litir Imréitigh Inimirce nuair a bheidh tú faofa. Beidh ort an litir inimirce seo a thíolacadh d’oifigeach inimirce nuair a fhilleann tú ar Éirinn le do leanbh/leanaí uchtaithe.
Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn chuig Seachadadh Seirbhíse Inimirce agus is féidir iad a sheoladh chuig:
An Rannóg Uchtála Eachtraí
Aonad C – An Rannán Cónaithe agus Ceadanna Teaghlaigh
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
An Roinn Dlí agus Cirt
13-14 Cé an Bhúirge
Baile Átha Cliath 2, DO2 XK70
Ceisteanna Coitianta
Teagmhálaithe
Is féidir leat aon cheisteanna a chur tríd an limistéar tiomanta Seirbhíse do Chustaiméirí . Is féidir leat clárú le haghaidh cuntas nó logáil isteach i do chuntas reatha.