Sa Roinn Seo
Réamhrá
Ligeann an clár seo do chéimithe neamh-LEE a bhfuil oideachas in Éirinn acu agus a bhfuil dámhachtain leibhéal 8 nó leibhéal 9 acu ó chomhlacht aitheanta dámhachtana Éireannach fanacht in Éirinn tar éis a gcuid staidéir ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag.
Aidhm an chláir
Ba cheart go ndéanfaí é seo chun fostaíocht ar leibhéal céimithe a lorg agus iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta ginearálta, ar chead fostaíochta scileanna criticiúla nó ar chomhaontú óstála taighde.
Tá sonraí an chláir athbhreithnithe leagtha amach sa doiciméad polasaí . Moltar do chéimithe ar mian leo leas a bhaint as an scéim an doiciméad seo a léamh go mion.
Coinníollacha
Chun céimithe a cháiliú:
Dámhachtain arna bronnadh ag comhlacht dámhachtana Éireannach aitheanta:
Doiciméid riachtanacha
Conas iarratas a dhéanamh
Ré an cheada
Daoine a cháilíonn do chead inimirce céimithe suas le dhá mhí dhéag
Gheobhaidh céimithe ag a bhfuil dámhachtain ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí cead dhá mhí dhéag go huasmhéid de sheacht mbliana de chead mac léinn san iomlán (ní féidir an t-am a chaitear ar Stampa 2 mar mhac léinn agus ar Stampa 1G faoin gclár seo a bheith níos faide ná seacht mbliana san iomlán).
Daoine a cháilíonn do chead inimirce céimithe ar feadh suas le ceithre mhí is fiche
Tabharfar cead ar feadh 12 mhí ar dtús do chéimithe a bhfuil dámhachtain ag Leibhéal 9 nó níos airde acu ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a cháilíonn don Chlár.
Déanfar é seo a athnuachan ar feadh tréimhse eile de dhá mhí dhéag (faoi réir ag an teorainn fhoriomlán ocht mbliana ar dhálaí mic léinn nach sáraítear iad) i gcás ina sásaíonn an céimí na húdaráis inimirce go bhfuil bearta cuí glactha aige nó aici chun rochtain a fháil ar fhostaíocht oiriúnach ag leibhéal céimithe (mar shampla, freastal ar agallaimh poist, síniú le gníomhaireachtaí fostaíochta céimithe).