Sa Roinn Seo
Réamhrá
Mínítear ar an leathanach seo conas a chríochnaíonn iarratasóir Chlár Iontrála na hAfganastáine an próiseas r-ghrinnfhiosrúcháin agus cad iad na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh.
Fógra tábhachtach
Mar chuid de phróiseas iarratais Chlár Iontrála na hAfganastáine, ceanglaítear ar iarratasóir mionsonraí a thabhairt ar gach cion (is cuma cá háit ar tharla eachtra nó cé chomh fada ó shin) lena n-áirítear ciontuithe “caite”. Is ortsa mar iarratasóir atá an fhreagracht taifead cuimsitheach a sholáthar mar chuid de d’iarratas.
Ag céim níos déanaí sa phróiseas cinnteoireachta, iarrfar ar gach iarratasóir fásta tabhairt faoi phróiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin na nGardaí nó faoi phróisis ghrinnfhiosrúcháin eile na bpóilíní de réir mar a mheastar a bheith riachtanach. Déanfar sonraí na gcionta a liostaítear sa tuarascáil/sna tuarascálacha ríomh-ghrinnfhiosrúcháin a chrostagairt leis an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil le linn an chéad iarratais a chur isteach.
Ar an ábhar sin, tá sé ar mhaithe le leas an iarratasóra liosta cuimsitheach de chionta a sholáthar mar chuid den phróiseas iarratais, d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchar aige ar iarratas an iarratasóra mura ndéantar amhlaidh.
Ríomhghrinnfhiosrúchán agus Clár Iontrála na hAfganastáine
Míníonn na pointí seo a leanas an pháirt atá ag ríomh-ghrinnfhiosrúchán in iarratais ar Chlár Iontrála na hAfganastáine:
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 1
Sula n-ullmhófar d’iarratas ar Chlár Iontrála na hAfganastáine lena bhreithniú ag an Aire Dlí agus Cirt, gheobhaidh tú cuireadh chun iarratas r-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlánú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an t-eolas ar charachtar atá le breithniú ag an Aire chomh cothrom le dáta agus is féidir.
Iarrfar ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 2
Tar éis do Chlár Iontrála na hAfganastáine d’fhoirm chuiridh shínithe a fháil sa phost (céim 1), déanfaidh tú:
Beidh ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:
Beidh deis agat athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir tú isteach agus nuair a bheidh tú sásta leis na sonraí is féidir leat an t-iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán a chur isteach.
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 3
Déanfaidh rannán Chlár Iontrála na hAfganastáine d’iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán a mheasúnú. Má bhíonn fadhb ar bith leis an iarratas seolfar ar ais chugat é. Seachas sin cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
Soláthróidh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nochtadh grinnfhiosrúcháin agus déanfaidh rannóg Chlár Iontrála na hAfganastáine é a athbhreithniú mar chuid den phróiseas cinnteoireachta ar d’iarratas.
Pointí le tabhairt faoi deara
Ba chóir d'iarratasóirí na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara: