Freagracht as clárú den chéad uair agus athnuachan ceadanna cónaithe inimirce na hÉireann don Mhí, do Chill Dara agus do Chill Mhantáin a aistriú ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) chuig Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) na Roinne Dlí agus Cirt le héifeacht ón 8 Aibreán 2024.
Le héifeacht ón 8 Aibreán 2024, i dteannta le Baile Átha Cliath, déanfar an clárú den chéad uair ar cheadanna cónaithe Éireannacha do chustaiméirí atá lonnaithe i gcontaetha na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin ag an Oifig Chlárúcháin, 13-14 Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath 2.
Is féidir coinní do chlárú don chéad uair a chur in áirithe tríd an uimhir Saorghlao (1800 800 630) a úsáid. Tá oibreoirí ar fáil idir 9 am agus 5 pm Luan go hAoine chun coinní a shocrú.
Beidh ar chustaiméirí sonraí pas agus seoladh ríomhphoist a sholáthar d’oibreoirí chun coinní a shocrú.
Chomh maith leis sin le héifeacht ón 8 Aibreán 2024, ba cheart athnuachan ceadanna ar líne ó chustaiméirí a bhfuil cónaí orthu i gcontaetha na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin a chur isteach ag baint úsáide as an tairseach athnuachana ar líne Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) https://inisonline.jahs.ie . Ní bheidh ar iarratasóirí freastal go pearsanta ar Oifig Chlárúcháin Ché an Bhuirg.
Leanfaidh an GNIB de bheith ag déanamh freagrachtaí as clárúcháin tosaigh agus athnuachana d’iarratasóirí atá ina gcónaí lasmuigh de chontae Bhaile Átha Cliath, na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go nglacann an ISD agus an GNIB le gach iarratas ar athnuachan cead cónaithe ar fud an Stáit, lena n-áirítear nuair a athraítear catagóir Stampa, suas le 12 sheachtain roimh dhul in éag chun go leor ama a cheadú le haghaidh próiseála.
Tá treoir úsáideora céim ar chéim maidir le dul i ngleic le seirbhísí ISD le fáil anseo: Treoir maidir le dul i ngleic le seirbhísí ISD