Searmanas Saoránachta atá le Teacht – Dé Luain 2 ú agus Dé Máirt 3 Nollaig 2024.
Beidh na searmanais eile ar siúl Dé Luain, 2 Nollaig agus Dé Máirt 3 Nollaig 2024 ag an INEC Cill Áirne.
Ná téigh i dteagmháil linn ina thaobh seo, le do thoil, mar nach bhfuil deis againn cuirí a dheimhniú ag an gcéim seo. Eiseofar cuirí in am trátha.
Ceanglófar ar iarrthóirí doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird chun críocha fíoraithe – Pas bailí, mar shampla. Tá ceadúnas tiomána ar an gcineál eile aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfar glacadh leis. Sa chás nach mbeidh tú ábalta pas bailí a thabhairt ar aird tabhair modh eile aitheantais leat, le do thoil.
Ag an searmanas glacfaidh na hiarrthóirí mionn dílseachta don náisiún . Eiseofar deimhnithe eadóirseachta tríd an bpost cláraithe níos déanaí.
Léigh cur síos níos faide ar cad a tharlaíonn ag searmanas anseo: https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-a-citizen/citizenship-ceremonies/