Searmanas Saoránachta atá le teacht – Dé Luain an 15ú agus Dé Máirt an 16ú Meán Fómhair 2025
Beidh na chéad searmanais eile ar siúl Dé Luain an 15ú agus Dé Máirt an 16ú Meán Fómhair 2025 in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.
Ná téigh i dteagmháil linn ina thaobh seo, le do thoil, mar nach bhfuil deis againn cuirí a dheimhniú ag an gcéim seo. Eiseofar cuirí in am trátha.
Ceanglófar ar iarrthóirí doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird chun críocha fíoraithe – Pas bailí, mar shampla. Tá ceadúnas tiomána ar an gcineál eile aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfar glacadh leis. Sa chás nach mbeidh tú ábalta pas bailí a thabhairt ar aird tabhair modh eile aitheantais leat, le do thoil.
Ag an searmanas glacfaidh na hiarrthóirí mionn dílseachta don náisiún. Eiseofar deimhnithe eadóirseachta tríd an bpost cláraithe níos déanaí.
Léigh cur síos níos faide ar cad a tharlaíonn ag searmanas anseo Searmanais Saoránachta