Nuashonrú 13 Aibreán 2026.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an Searmanas Saoránachta a bhí sceidealaithe do Dé Máirt an 14ú agus Dé Céadaoin an 15ú Aibreán 2026 ag an INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí curtha ar ceal . Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí.
Beidh na chéad searmanais eile ar siúl Dé Máirt an 14ú agus Dé Céadaoin an 15ú Aibreán 2026 ag an INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí .
Ná téigh i dteagmháil linn ina thaobh seo, le do thoil, mar nach bhfuil deis againn cuirí a dheimhniú ag an gcéim seo. Eiseofar cuirí in am trátha.
Ceanglófar ar iarrthóirí doiciméid aitheantais a thabhairt ar aird chun críocha fíoraithe – Pas bailí, mar shampla. Tá ceadúnas tiomána ar an gcineál eile aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfar glacadh leis. Sa chás nach mbeidh tú ábalta pas bailí a thabhairt ar aird tabhair modh eile aitheantais leat, le do thoil.
Ag an searmanas glacfaidh na hiarrthóirí mionn dílseachta don náisiún . Eiseofar deimhnithe eadóirseachta tríd an bpost cláraithe níos déanaí.
Léigh cur síos níos faide faoi na rudaí a tharlaíonn ag searmanas: Searmanais Saoránachta