Más mian leat oibriú in Éirinn agus mura náisiúnach de chuid an LEE, na hEilvéise, nó na Ríochta Aontaithe thú, beidh Cead Fostaíochta bailí nó Cead Neamhghnách bailí ag teastáil uait ar dtús. Ag brath ar do náisiúntacht, d’fhéadfadh go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar víosa freisin. Ansin, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an gcead ábhartha.
Má tá tú ag beartú fanacht níos faide ná 90 lá, beidh ort clárú, freisin.

Eolas faoi theacht chun bheith ag obair in Éirinn
Sa roinn seo, gheobhaidh tú na roghanna atá ar fáil duit maidir le bheith ag obair in Éirinn. Tá ceadanna éagsúla ann, ag brath ar fhad d’fhostaíochta agus ar do chineál fostaíochta.
Ag brath ar cé chomh fada is a mhairfidh do chuid oibre, beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta (C) nó ar víosa fadfhanachta (D) sula dtagann tú go hÉirinn.
Ar an leathanach seo, míneoimid a bhfuil le déanamh agat tar éis duit teacht isteach sa Stát. Más rud é go mbeidh tú ag fanacht níos faide ná 90 lá, beidh ort clárú.
Cuirtear freagraí ar fáil sa roinn seo ar cheisteanna a fhéadfaidh a bheith agat maidir le teacht chun bheith ag obair in Éirinn.
Is féidir treoir céim ar chéim maidir le conas an córas iarrtha víosa a úsáid a fháil ar an leathanach seo. Is féidir an treoir seo a aistriú go roinnt teangacha éagsúla ach cliceáil ar an nasc ‘Roghnaigh do theanga’ ag barr an leathanaigh sin.