Sa Roinn Seo
Réamhrá
Nuair a thagann tú go hÉirinn ní mór duit do phas, cead, víosa agus gach doiciméad riachtanach eile a thaispeáint don oifigeach inimirce ag an aerfort nó ag calafort iontrála eile.
Déanfaidh an t-oifigeach inimirce cinneadh ansin an bhfuil cead agat dul isteach sa tír.
Fiú má tá víosa bailí agat d’Éirinn, d’fhéadfadh an t-oifigeach inimirce diúltú duit mura bhfuil siad sásta le do dhoiciméid nó le do mhíniúcháin.
Má tá cead agat dul isteach sa stát
Cuirfidh an t-oifigeach ‘stampa tuirlingthe’ ar do phas chun cead inimirce sealadach a thabhairt duit fanacht anseo. Aithníonn an stampa seo cé chomh fada agus is féidir leat fanacht.
Taispeánfar an t-uas-am ar féidir leat fanacht le dáta ar an stampa tuirlingthe. Is é 3 mhí an gnáth-theorainn ama, cé go bhféadfaí níos lú a thabhairt duit.
Má thagann tú le víosa gearrfhanachta ‘C’, ní mór duit an tír a fhágáil sula dtéann do stampa tuirlingthe in éag.
Oifig chlárúcháin
Má thagann tú le víosa fadchónaithe ‘D’ agus más mian leat fanacht níos faide ná 3 mhí, ní mór duit cuairt a thabhairt ar an oifig chlárúcháin i mBaile Átha Cliath nó ar stáisiún Garda áitiúil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, sula dtéann do stampa tuirlingthe in éag chun síneadh a chur le do chead inimirce agus do shonraí a chlárú.
Má dhiúltaítear cead duit dul isteach sa stát
Má dhiúltaítear cead duit dul isteach sa stát, cuirfear ar ais chuig do phointe bordála tú.