Coinníollacha rialaithe teorann do dhaoine óga (faoi 18)
Ba cheart go mbeadh cóipeanna de dhoiciméid a úsáidtear ina n-iarratas ar víosa ag aon duine faoi 18 mbliana d’aois agus iad ag taisteal, mar shampla, litir toilithe tuismitheora.
Ligeann sé seo don oifigeach inimirce cinneadh a dhéanamh agus cosnaíonn sé sábháilteacht daoine óga.
Má thagann duine óg chuig rialú teorann le duine fásta, iarrfaidh an t-oifigeach inimirce cruthúnas ar an ngaol idir é/í agus an duine fásta/na daoine fásta a bhfuil siad ag taisteal leo agus/nó aon duine fásta/daoine a mbuaileann siad leo tar éis dóibh an teorainn a thrasnú.
Má thagann duine óg chuig rialú teorann leis féin, féadfaidh an t-oifigeach inimirce cruthúnas a iarraidh ar an ngaol idir iad agus aon duine fásta a bhuaileann leo tar éis dóibh an teorainn a thrasnú.
Léigh cur síos níos faide ar na coinníollacha taistil do dhaoine óga faoi 18 mbliana d'aois .