Má tá tú ag iarraidh bheith in éineacht le duine de do theaghlach in Éirinn agus nach náisiúnach den Aontas Eorpach/Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná den Eilvéis thú, beidh ort iarratas a dhéanamh ar an gcead iomchuí.
Léigh tuilleadh thíos faoi na roghanna éagsúla maidir le bheith in éineacht le duine de do theaghlach.

Roghanna maidir le bheith in éineacht le duine de do theaghlach
Más mian leat teacht go hÉirinn chun cónaí ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí le duine de do theaghlach ar saoránach Éireannach é/í, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa fadfhanachta (bheith in éineacht le duine de do theaghlach).
Más mian leat teacht go hÉirinn chun cónaí le duine de do theaghlach ar náisiúnach den Ríocht Aontaithe é/í, beidh ort iarratas a dhéanamh (ag brath ar do náisiúntacht) trí scéim réamh-imréitigh nó víosa.
Más mian leat teacht go hÉirinn ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí mar dhuine de theaghlach saoránaigh den Aontas Eorpach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ‘Cárta Cónaithe Duine de Theaghlach Saoránaigh den Aontas’ (a dtugtar ‘iarratas Chearta Conartha an AE’ air, freisin).
Más mian leat teacht go hÉirinn chun cónaí ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí le duine de do theaghlach nach náisiúnach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná den Eilvéis é/í agus a bhfuil cónaí air/uirthi go dleathach in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa fadfhanachta (bheith in éineacht le duine de do theaghlach).
Le hAthaontú Teaghlaigh faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, tugtar cead inimirce do dhaoine áirithe den teaghlach lena gceadaítear dóibh cónaí in Éirinn le duine a shealbhaíonn dearbhú cosanta idirnáisiúnta.
Más mian leat teacht go hÉirinn mar dhuine de theaghlach náisiúnaigh Afganastánaigh faoin gClár um Ligean Isteach Afganastánach is féidir leat léamh faoin scéim sin anseo.
Faisnéis eile faoi bheith in éineacht le duine de do theaghlach
Ar an leathanach seo, míneoimid a bhfuil ort a dhéanamh tar éis duit teacht isteach sa Stát. Mar go mbeidh tú ag fanacht níos faide ná 90 lá, beidh ort clárú le Biúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána nó le hOifig Clárúcháin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.
Is féidir treoir céim ar chéim maidir le conas an córas iarrtha víosa a úsáid a fháil ar an leathanach seo. Is féidir an treoir seo a aistriú go roinnt teangacha éagsúla ach cliceáil ar an nasc ‘Roghnaigh do theanga’ ag barr an leathanaigh sin.
Cuirtear freagraí ar fáil sa roinn seo ar cheisteanna a fhéadfaidh a bheith agat.