Sa Roinn Seo
Réamhrá
Árachas Míochaine Príobháideach do Mhic Léinn lánaimseartha Neamh-LEE.
Ní mór do gach mac léinn neamh-LEE árachas leighis príobháideach a bheith acu agus iad ag teacht go hÉirinn agus ag cur fúthu in Éirinn chun críche staidéir. Ba chóir go soláthródh an t-árachas leighis príobháideach clúdach do thimpiste agus/nó do ghalair agus ba chóir go gcumhdódh sé an mac léinn ar feadh aon tréimhse san ospidéal.
Cad a chaithfidh an dalta a bheith aige agus é/í ag clárú
Ag clárú leis na húdaráis inimirce ní mór do mhac léinn cruthúnas ar árachas leighis príobháideach a bheith aige trí:
- Grúpscéim Árachais arna hoibriú ag a gcoláiste. Breathnófar ar an litir rollaithe ón gcoláiste mar chruthúnas ar chumhdach árachais liachta phríobháidigh nuair a léiríonn sé:
- Go bhfuil an mac léinn mar chuid de ghrúpscéim an choláiste
- Go bhfuil na táillí a bhaineann leis an ngrúpscéim íoctha ag an mac léinn agus
- Sa chás go dtugann sé breac-chuntas ar an gclúdach árachais amhail ainm an tsoláthraí árachais, leibhéal an chlúdaigh etc.
Nó
- Sa chás nach bhfuil mac léinn ina chuid de Ghrúpscéim Árachais arna oibriú ag a gcoláiste, caithfidh sé/sí clúdach árachais liachta príobháideach aonair a cheannach in Éirinn.
Nó
Do mhic léinn nua-thionscanta na chéad bhliana in Éirinn D’fhéadfadh go mbeadh árachas taistil leordhóthanach sna cásanna seo a leanas:
- Clúdaíonn an t-árachas an mac léinn ar feadh bliana iomlán amháin nó sa chás go bhfuil an mac léinn ag fanacht in Éirinn ar feadh níos lú ná bliain amháin ar feadh a thréimhse iomlán.
- Clúdaíonn an clúdach árachais an mac léinn ag íosmhéid de €25,000 le haghaidh timpiste agus €25,000 le haghaidh galair
- Clúdaíonn an clúdach árachais an mac léinn ar feadh aon tréimhse san ospidéal.
Sa chás go bhfuil sé ar intinn ag mac léinn neamh-LEE fanacht in Éirinn ar feadh níos mó ná bliain amháin, agus go raibh sé clúdaithe ag árachas taistil don chéad bhliain, ceanglaítear ar an mac léinn sin árachas leighis príobháideach a fháil don dara bliain agus aon bhliain ina dhiaidh sin.
An Dara Clárúchán agus Clárú Ina dhiaidh sin
Ceanglaítear ar gach mac léinn neamh-LEE fianaise a sholáthar go bhfuil árachas leighis príobháideach á fháil aige/aici agus go bhfuil árachas leighis príobháideach á choimeád acu don tréimhse clárúcháin roimhe sin ag an dara clárú agus ina dhiaidh sin. Is féidir é seo a dhéanamh trí litir athnuachana mar shampla.
Ag an dara clárú agus ina dhiaidh sin ní mheasfar gur leor árachas taistil chun críche an chlárúcháin.
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
Eanáir, 2011