Ar an drochuair chuir COVID-19 cosc ar ár gcuid searmanais saoránachta ar mhórscála a bhfuil tionchar acu ar phróiseáil iarratas. Mar réiteach ar bhonn eatramhach d’iarratasóirí a bhfuil a n-iarratas ceadaithe, bhí an tAire McEntee sásta le déanaí dréachtú tosaíochta Ionstraim Reachtúil a cheadú, trína bhféadfar deimhnithe eadóirseachta a eisiúint ar dhearbhú reachtúil a fháil. Ar an mbealach seo, tá súil againn an mhoill a théann i bhfeidhm orthu siúd atá ag iarraidh tús a chur lena saolta nua mar shaoránaigh Éireannacha a mhaolú.
Lean ort le do thoil ag seiceáil ár suíomh Gréasáin le haghaidh tuilleadh fógraí agus nuashonruithe anseo . Tá sé ar intinn againn fós go dtosófar arís ar shearmanais mhórscála a luaithe a cheadaíonn na cúinsí.