Bhí 21 iarratasóir páirteach sa Searmanas Saoránachta Fíorúil píolótach a reáchtáladh an 10 Iúil 2020. Tá athbhreithniú ar an scéim phíolótach ar siúl agus tá breithniú á dhéanamh ar an athbhreithniú sin anois ina chéimeanna deiridh.
Ábhar ríthábhachtach is ea leas agus sábháilteacht na rannpháirtithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint. Tá sé riachtanach freisin go gcinnteoidh aon socruithe a chuirfear i bhfeidhm go dtionólfar an ócáid le leibhéal cuí dínite agus soineanta, mar is cuí d’ócáid chomh tábhachtach sin i saol ár saoránaigh is nuaí. Tá cinneadh le déanamh go luath faoi conas dul ar aghaidh.
Tá sé i gceist go dtosófar arís ar shearmanais mhórscála nuair a cheadaíonn na cúinsí.