Sa Roinn Seo
Réamhrá
Ciallaíonn faisnéis bhithmhéadrach faisnéis faoi do shaintréithe fisiceacha lena n-áirítear:
Ciallaíonn soláthar faisnéise bithmhéadrachta ag duine an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach a fhágann gur féidir céannacht an duine a imscrúdú nó a fhionnadh.
Chun críocha an phróisis iarratais ar víosa tagraíonn sé do ghabháil do mhéarloirg agus, i gcásanna áirithe, íomhá digiteach de d'aghaidh.
Tíortha ina gceanglaítear ar iarratasóirí ar víosa a mbithmhéadracht a sholáthar
‘Má tá cónaí ort sa tSín, i Hong Cong, san India, sa Nigéir nó sa Phacastáin caithfidh tú do mhéarloirg a sholáthar gach uair a dhéanann tú iarratas ar víosa go hÉirinn (faoi réir na ndíolúintí a thugtar ar an leathanach seo). Is dócha go gcuirfear an ceanglas maidir le faisnéis bhithmhéadrach a sholáthar mar chuid den phróiseas víosaí i bhfeidhm in áiteanna eile amach anseo.
Gabháil faisnéise bithmhéadracha
Glacfar d’fhaisnéis bhithmhéadrach ag ionad iarratais ar víosaí in Éirinn (VAC). Ceanglaítear ar iarratasóirí ar víosaí, seachas iad siúd atá díolmhaithe ón gceanglas a gcuid faisnéise bithmhéadracha a sholáthar, dul i láthair go pearsanta do cheann de VACanna na hÉireann , mar atá á fheidhmiú faoi láthair ag VFS Global. Áireofar sonraí maidir le conas coinne a dhéanamh don VAC i d’fhoirm iarratais achoimre.
Déanfar do chuid faisnéise bithmhéadracha a ghabháil nuair a bheidh do dhoiciméid á gcur isteach agat chuig an gCléireach Víosaí ag an VAC. Déanfar do cheithre mhéar agus ordóg gach láimhe a scanadh go leictreonach. D’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach i gcúinsí áirithe do phriontaí a dhéanamh an dara huair, agus beidh ort filleadh ar an VAC chun na críche sin.
Comhlíonann an trealamh caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Ní úsáidtear aon dúch, leachtanna ná ceimiceáin chun do mhéarloirg a ghabháil.
Leanaí
Má tá do leanaí 5 bliana d’aois nó os a chionn beidh orthu a méarloirg a sholáthar agus mar sin ba chóir dóibh a bheith in éineacht leat chuig an VAC ábhartha.
Ba cheart do dhaoine idir 5 agus 17 mbliana d’aois (san áireamh) a dtuismitheoir/caomhnóir nó aosach freagrach eile a bheith i dteannta a gcuid priontaí. Ní gá do leanaí faoi 5 bliana a méarloirg a sholáthar ach fós beidh a víosa féin de dhíth orthu chun teacht isteach go hÉirinn.
Méara ar iarraidh
Má tá aon cheann de do mhéara ar iarraidh beidh ort fós na priontaí de do mhéara atá fágtha a sholáthar. Déanfaidh an Cléireach Víosaí ag an VAC nóta á rá go bhfuil roinnt méara in easnamh.
Méara gortaithe nó maisithe
Má tá aon cheann de do mhéara gearrtha nó gortaithe agat ba chóir duit fanacht go dtí go mbeidh na gortuithe slánaithe agat sula gcuireann tú d’iarratas ar víosa isteach. Má fhreastalaíonn tú ar an VAC fad is atá aon mhéar gortaithe agat, ní ghlacfar le d’iarratas ar víosa agus iarrfar ort filleadh nuair a bheidh do ghortuithe tar éis teacht slán.
Ar an gcaoi chéanna, má tá aon mhaisiúchán curtha agat ar do mhéara (mar shampla – henna) ba cheart duit fanacht go dtí go mbeidh sé seo fadaithe go hiomlán sula ndéanann tú iarratas ar do víosa. Má fhreastalaíonn tú ar an VAC agus aon mhaisiúchán ar aon cheann de do mhéara ní ghlacfar le d’iarratas ar víosa agus iarrfar ort filleadh ar ais nuair a bheidh do mhéara ar fad neamhmhaisithe ar bhealach ar bith.
Tá sé de dhualgas ort sraith méarloirg de cháilíocht imleor a chur ar fáil a bheidh úsáideach don chóras. Mura ndéantar amhlaidh, is dócha go ndiúltófar an víosa.
Diúltú faisnéis bhithmhéadrach a thabhairt
Má dhiúltaíonn tú d’fhaisnéis bhithmhéadrach a sholáthar measfar d’iarratas ar víosa a bheith neamhiomlán agus diúltófar dó. Ní bhreithneofar aon achomharc a chuireann tú isteach ina dhiaidh sin gan do mhéarloirg a sholáthar ar dtús.
Stóráil faisnéise bithmhéadracha
Stórálfar do mhéarloirg ar bhunachar sonraí lárnach oifigiúil in Éirinn agus seiceálfar iad i gcoinne na dtaifead go léir atá sa bhunachar sonraí seo. I gcásanna áirithe b’fhéidir go mbeidh ort filleadh ar an VAC le go n-athghabhfar do phriontaí sular féidir cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas ar víosa.
Teacht go hÉirinn
I measc seiceálacha eile, d’fhéadfadh go n-iarrfadh Oifigeach Inimirce ort méarloirg a sholáthar nuair a shroicheann tú Calafort Iontrála na hÉireann chun d’aitheantas agus/nó stair inimirce a dhearbhú.
Rochtain ar do thaifid bithmhéadracha
Ní bheidh rochtain ach ag oifigigh údaraithe Rialtas na hÉireann ar na taifid seo.
Roinnt faisnéise bithmhéadracha
Is féidir do thaifid méarloirg, agus torthaí aon chuardach ar bhunachar sonraí, a nochtadh do Ranna agus/nó Gníomhaireachtaí eile de chuid Rialtas na hÉireann, lena n-áirítear An Garda Síochána (Póilíní na hÉireann), chomh maith le húdaráis phoiblí an Aontais Eorpaigh/LEE agus/nó Stáit eile, lena n-áirítear chun críocha aitheantais agus/nó stair inimirce.