Tar éis fhoilsiú an Athbhreithnithe ar an Scéim Aitíopúla do Chriú neamh-LEE i bhFlít Iascaireachta na hÉireann an 11 Deireadh Fómhair 2022, ba mhaith leis na Seirbhísí Inimirce a chur in iúl do gach fostóir a bhain úsáid as an AWS chun criú Neamh-LEE a fhostú go ndúnfar an scéim le haghaidh iarratas nua ar líne ar an 31 Nollaig 2022.

Déanfaidh dúnadh na scéime AWS foráil don aistriú ón gcóras AWS go dtí an córas Cead Fostaíochta a bhí ar cheann de phríomh-mholtaí na tuarascála foilsithe. Chun an t-aistriú go dtí an córas bunaithe ar chead fostaíochta, beidh gá ag an earnáil cás cuimsitheach gnó a chur faoi bhráid an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun tacú lena gcuimsiú.

Chun gur féidir le fostóirí leanúint ar aghaidh ag baint leasa as criú Neamh-LEE, próiseálfar aon iarratas nua ar líne a gheobhaidh an tAonad AWS roimh an dáta deiridh an 31 Nollaig 2022 agus leanfaidh gnáththéarmaí agus coinníollacha na scéime AWS de bheith i bhfeidhm. Ní bhreithneofar iarratais tríd an bpost.

Ina theannta sin, spreagtar sealbhóirí ceada AWS reatha a rachaidh a gcead in éag ar an 31 Nollaig 2022 nó roimhe sin chun a chinntiú go ndéanfar a n-iarratas ar athnuachan ar a gcead faoin 31 Nollaig 2022 ionas go leanann siad de bheith ag seilbh cead bailí faoin Scéim a cheadaíonn dóibh oibriú sa Stát.

Moltar d’fhostóirí leas a bhaint as an scéim AWS roimh an dáta deiridh chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar a gcuid riachtanas foirne fostaíochta lasmuigh den LEE le linn aon idirthréimhse chuig an scéim um Chead Fostaíochta.

Is féidir teacht ar an gcóras iarratais ar líne anseo: https://inisonline.jahs.ie/user/login

Is féidir teacht ar théarmaí na Scéime anseo: https://www.irishimmigration.ie/coming-to-work-in-ireland/what-are-my-work-visa-options/applying-for-a-long-stay-employment-visa/atypical-working-scheme/

R-phost teagmhála aonad AWS: [email protected]