Más mian leat do sheoladh a athrú cuir isteach iarratas le do thoil chun do shonraí pearsanta a athrú ar ár dTairseach Seirbhíse do Chustaiméirí. Ar dtús caithfidh tú cuntas a chruthú/logáil isteach ar ár dTairseach um Sheachadadh Seirbhíse Inimirce do Chustaiméirí. Nuair a bheidh cuntas cruthaithe agat/logáil isteach beidh tú in ann ceist ‘Athrú ar Shonraí Pearsanta’ a chur isteach maidir le Seachadadh Seirbhíse Inimirce chun do sheoladh nua agus an dáta ar thosaigh tú i do chónaí ag do sheoladh nua a phróiseáil. Cuir isteach (1) cruthúnas cónaithe amháin ag do sheoladh nua ag taispeáint d'ainm agus do sheoladh, .i. comhaontú morgáiste/cíosa, billí tí, ráitis bhainc le d'iarratas ar do sheoladh a athrú.
Má bhíonn aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann Saoránachta, le do thoil.
Nuashonraíodh an leathanach seo an uair dheireanach ar 21 Samhain 2024