Scipeáil chuig ábhar
  • Choose your language
    • English
    • Português (Brasil)
    • Українська
    • Français
    • Polski
    • Deutsch
    • 中文 (简体)
    • Русский
    • Español
    • العربية‏
    • Türkçe
    • हिंदी
    • اردو
Lógó Seachadta Seirbhíse Inimirce Lógó Seachadta Seirbhíse Inimirce Lógó Seachadta Seirbhíse Inimirce

Tuilleadh torthaí...

  • Baile
  • Tosaigh
    • Ba mhaith liom teacht go hÉirinn chun…
      • Cuairt a thabhairt
      • Bheith ag Obair
      • Dul i mbun Staidéir
      • Cónaí
      • Bheith in éineacht le duine de mo Theaghlach
    • Táim in Éirinn agus ba mhaith liom tuilleadh faisnéise a fháil maidir le…
      • Rialuithe teorann
      • Do chead inimirce a chlárú
      • Bheith i do shaoránach
    • Naisc Thapa
      • Tá athrú tagtha ar mo chás ó tháinig mé go hÉirinn
      • Na Cinntí Víosa/Réamhchlaonta is déanaí
      • Áireamhán Cónaitheachta
      • An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta
      • Seirbhís Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta
      • Gluais Téarmaí Inimirce
  • Nuacht agus Nuashonruithe
  • Téigh i dTeagmháil Linn
  • Baile
  • Tosaigh
    • Ba mhaith liom teacht go hÉirinn chun…
      • Cuairt a thabhairt
      • Bheith ag Obair
      • Dul i mbun Staidéir
      • Cónaí
      • Bheith in éineacht le duine de mo Theaghlach
    • Táim in Éirinn agus ba mhaith liom tuilleadh faisnéise a fháil maidir le…
      • Rialuithe teorann
      • Do chead inimirce a chlárú
      • Bheith i do shaoránach
    • Naisc Thapa
      • Tá athrú tagtha ar mo chás ó tháinig mé go hÉirinn
      • Na Cinntí Víosa/Réamhchlaonta is déanaí
      • Áireamhán Cónaitheachta
      • An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta
      • Seirbhís Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta
      • Gluais Téarmaí Inimirce
  • Nuacht agus Nuashonruithe
  • Téigh i dTeagmháil Linn

Téigh i dTeagmháil leis an Rannán Saoránachta

  1. Baile
  2. Conas teacht chun bheith i do shaoránach
  3. Téigh i dTeagmháil leis an Rannán Saoránachta

Sa Roinn Seo

Réamhrá
Ar rugadh lasmuigh d’Éirinn thú?
Mionsonraí teagmhála
Moilleanna reatha de dheasca COVID-19

Réamhrá

Gheobhaidh tú anseo na slite éagsúla ar féidir leat dul i dteagmháil leis an Rannán Saoránachta. Gheobhaidh tú, freisin, eolas faoi cé leis ar féidir leat dul i dteagmháil más rud é gur rugadh lasmuigh d’Éirinn thú agus go bhfuil gaol Éireannach agat.

Ar rugadh lasmuigh d’Éirinn thú?

Má tá gaol Éireannach agat agus má rugadh lasmuigh d’Éirinn thú, téigh i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha le do thoil, maidir le gach ceist faoi shaoránacht bunaithe ar ghaol le gaol Éireannach más rud é gur rugadh lasmuigh d’Éirinn thú.

Bainistíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha Clár na mBreitheanna Coigríche agus cinnfidh an Roinn sin cé acu atá tú i dteideal bheith i do Shaoránach Éireannach bunaithe ar bhreith nó ar ghinealach nó nach bhfuil.

Mionsonraí teagmhála

Seiceáil an bhfuil tú i dteideal saoránachta sula ndéanann tú teagmháil.

  • Ar líne

  • Seoltaí Poist le haghaidh foirmeacha

  • Ar líne

Chun nuashonruithe ar d’iarratas, nó chun ceist a chur isteach, cláraigh le do thoil nó logáil isteach i do chuntas Seirbhíse do Chustaiméirí .
  • Seoltaí Poist le haghaidh foirmeacha

Saoránacht trí eadóirseacht (gach iarratas i.e Foirm 8, Foirm 9, Foirm 10, Foirm 11)

Iarratais ar Shaoránacht
Aonad Clárúcháin
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
An Roinn Dlí agus Cirt chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
Bosca Poist 73
Baile Thiobraid Árann E34 N566
Éire

Chun seachadadh sábháilte a chinntiú, bain úsáid as clúdaigh chuí, le do thoil, nuair atá iarratais agus doiciméid á gcur isteach leis an bpost chuig an Rannán Saoránachta, Seachadadh Seirbhíse Inimirce.

An Rannán Saoránachta

An Rannán Saoránachta
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
An Roinn Dlí agus Cirt chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
Bóthar Rosanna
Baile Thiobraid Árann E34 N566
Éire

Chun seachadadh sábháilte a chinntiú, bain úsáid as clúdaigh chuí, le do thoil, nuair atá iarratais agus doiciméid á gcur isteach leis an bpost chuig an Rannán Saoránachta, Seachadadh Seirbhíse Inimirce.

Tabhair do d’aire: Níl oifig Saoránachta Thiobraid Árann ar oscailt don phobal.

Déan teagmháil, le do thoil, leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an gClár Breitheanna Eachtracha.

Áirigh uimhir aitheantais d’Iarratais (má tá ceann agat) in ábhar an ríomhphoist i gcónaí.

Tá eolas fóinteach i ndáil le saoránacht Éireann agus leis an eadóirseacht, lena n-áirítear na foirmeacha iarratais iomchuí maille le nótaí treorach, áireamhán cónaitheachta eadóirseachta ar líne agus rannán Ceisteanna Coitianta, ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.

Is féidir mionsonraí teagmhála maidir le ceisteanna is iomchuí maidir le réimsí eile de Sheachadadh Seirbhíse Inimirce a fháil ar shuíomh gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.

Moilleanna reatha de dheasca COVID-19

De dheasca na srianta a forchuireadh mar gheall ar ghéarchéim cúraim sláinte COVID-19, bíonn moill nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar admhálacha a eisiúint agus ar dhoiciméid a phróiseáil agus a sheoladh ar ais.

Táthar ag déileáil le hiarratais ar eadóirseacht agus le ceisteanna ginearálta i láthair na huaire in ord croineolaíoch. Bíonn an Rannán Saoránachta ag obair go han-dian chun soláthar seirbhíse chomh pras agus is féidir a choinneáil ar bun.

Déanfar ceisteanna le ríomhphost a bhaineann leis an tsaoránacht nó leis an eadóirseacht a scrúdú agus eiseofar freagra chugat in am trátha. Mar gheall ar an líon ríomhphost a bhíonn á bhfáil againn i láthair na huaire, ní bheimid in ann freagra a thabhairt ar aon cheist i ndáil le hiarratas arna fhormheas ar dheimhniú eadóirseachta nó i ndáil le cuireadh chuig an gcéad searmanas saoránachta eile. Is mór againn d’fhoighne leanúnach maidir leis seo.

Is ceart duit a thabhairt do d’aire nach ndéantar ach cur leis an ualach atá ar an bhfoireann má sheoltar ath-ríomhphoist. Mura mbaineann do ríomhphost leis an tsaoránacht, ní eiseofar aon fhreagra breise chugat agus ní dhéanfar aon ghníomhaíocht bhreise maidir le do cheist.

Is féidir an t-eolas is cothroime le dáta uainn a fháil inár Nuacht Saoránachta is Déanaí.

Téigh i dTeagmháil Linn

Seachadadh Seirbhíse Inimirce
An Roinn Dlí agus Cirt,
Gnóthaí Baile agus Imirce
13-14 Cé an Bhúirge
Baile Átha Cliath 2 D02 XK70
Éire

Cainéil Shóisialta

An Áit ina bhFuilimid

Cliceáil anseo chun radharc a fháil ar an áit ina bhfuilimid

Naisc Úsáideacha

  • Beartas Príobháideachais agus Fianáin
  • Inrochtaineacht
  • Séanadh
  • Seachadadh Seirbhíse Inimirce (SSI) Ar Líne – Téarmaí agus Coinníollacha
  • Reachtaíocht Inimirce agus Treoirlínte Beartais
  • Saoráil Faisnéise (SF)
  • Cosaint Sonraí Pearsanta sa Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • Mapa an Láithreáin
© Cóipcheart - An Roinn Dlí agus Cirt, Baile Gnótha agus Imirce | An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce | Gach ceart ar cosaint
FacebookXInstagramPinterestName
Nasc ualaigh leathanaigh
Téigh go dtí an Barr