Sa Roinn Seo
Réamhrá
Ar an leathanach seo, is féidir leat eolas a fháil faoin reachtaíocht, beartas agus treoir maidir le Saoránacht. Léigh Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann thíos chun do theidlíocht chun saoránacht Éireann a sheiceáil.
Reachtaíocht agus ionstraimí reachtúla
Tá an dlí lena rialaítear an tsaoránacht in Éirinn leagtha amach in Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956, arna leasú, agus i Rialacháin iomchuí eile is féidir leat a léamh thíos.
Fógra poiblí
Foilseofar fógra san Iris Óifigiúil ina luafar gur deonaíodh Deimhniú Eadóirseachta duit. Áireofar san fhógra sin:
Ceanglaítear le dlí na fógraí sin a fhoilsiú agus tá siad éigeantach. Níl aon díolúintí ann.
Fógra faoi Phríobháideachas Sonraí
Tháinig Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí in éifeacht an 25 Bealtaine 2018. An cuspóir dá n-úsáideann an Rannán Saoránachta sonraí pearsanta arna dtabhairt dó ag iarratasóirí, maille le cearta iarratasóirí maidir leis na sonraí sin, mínítear iad san Fhógra faoi Phríobháideachas ar féidir féachaint air trí chliceáil ar an gcnaipe thíos.
Má bhíonn aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann Saoránachta, le do thoil.