Foirm C: Dearbhú cónaithe ar oileán na hÉireann ag náisiúnaigh nach náisiúnaigh AE/LEE iad agus ag náisiúnaigh na hEilvéise
Maidir le Foirm C
Úsáid Foirm C má rugadh do leanbh ar oileán na hÉireann (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) an 1 Eanáir 2005 nó dá éis agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar phas thar ceann do linbh.
Tríd an bhfoirm seo a chomhlánú dearbhaíonn tú go raibh tú i do chónaí go dleathach i dTuaisceart Éireann ar feadh 3 bliana as 4 díreach roimh bhreith do linbh.
Íoslódáil agus comhlánaigh Foirm C agus seol chuig an Rannóg Saoránachta í (ag an seoladh thíos) lena próiseáil.
Iarratais Saoránachta (Mion)
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
Bosca Poist 12079
Baile Átha Cliath 1
Éire
Má cheadaítear do dhearbhú, eiseofar Deimhniú Náisiúntachta do do leanbh tríd an bpost.
Iarratas ar Phas
Chun iarratas a dhéanamh ar phas do linbh, seol an Deimhniú Náisiúntachta agus an fhoirm iarratais ar phas chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha lena bpróiseáil.