Sa Roinn seo
Réamhrá
Mínítear ar an leathanach seo an chaoi a gcomhlánaíonn an t-iarratasóir saoránachta an próiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin agus na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh.
Fógra tábhachtach
Mar chuid den phróiseas iarratais ar shaoránacht trí eadóirseacht, ní mór d'iarratasóir mionsonraí a thabhairt faoi gach cion (beag beann ar an áit ar tharla eachtra nó cé chomh fada ó shin) lena n-áirítear ciontuithe "spíonta". Is ortsa mar an t-iarratasóir atá an fhreagracht taifead cuimsitheach a chur ar fáil mar chuid de d'aighneacht iarratais.
Ag céim níos déanaí sa phróiseas cinnteoireachta, iarrfar ar gach iarratasóir fásta tabhairt faoi phróiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin na nGardaí nó faoi phróisis ghrinnfhiosrúcháin eile na bpóilíní de réir mar a mheastar a bheith riachtanach. Déanfar sonraí na gcionta a liostaítear sa tuarascáil/sna tuarascálacha ríomh-ghrinnfhiosrúcháin a chrostagairt leis an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil le linn an chéad iarratais a chur isteach.
Ar an gcúis sin, is chun leas an iarratasóra é liosta cuimsitheach cionta a chur ar fáil mar chuid den phróiseas iarratais, d'fhéadfadh mainneachtain déanamh amhlaidh drochthionchar a imirt ar iarratas an iarratasóra ar eadóirseacht.
Ríomh-ghrinnfhiosrúchán agus saoránacht
Mínítear sna pointí seo a leanas an chuid a imríonn ríomh-ghrinnfhiosrúchán in iarratais ar shaoránacht:
Incháilitheacht
Aosaigh
Critéir chun iarratas a dhéanamh mar aosach:
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 1
Sula n-ullmhaíonn an tAire Dlí agus Cirt d'iarratas ar shaoránacht lena bhreithniú, gheobhaidh tú cuireadh chun iarratas ar ríomh-ghrinnfhiosrúchán a chomhlánú. Cinntíonn sé seo go bhfuil an t-eolas faoi charachtar atá le breithniú ag an Aire chomh cothrom le dáta agus is féidir.
Iarrfar ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 2
Tar éis don rannán Saoránachta d'fhoirm chuiridh shínithe a fháil tríd an bpost (céim 1), déanfaidh tú an méid seo a leanas:
Beidh ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:
Beidh deis agat athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir tú isteach agus nuair a bheidh tú sásta leis na sonraí is féidir leat an t-iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán a chur isteach.
R-ghrinnfhiosrúchán: céim 3
Déanfaidh an rannán Saoránachta measúnú ar d'iarratas comhlánaithe ar ghrinnfhiosrúchán. Má tá aon fhadhb leis an iarratas, seolfar ar ais chugat é. Seachas sin, cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
Cuirfidh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nochtadh grinnfhiosrúcháin ar fáil agus déanfaidh an rannán Saoránachta athbhreithniú air mar chuid den phróiseas cinnteoireachta ar d'iarratas.
Pointí le tabhairt faoi deara
Ba chóir d'iarratasóirí na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara: