Sa Roinn Seo
Cad is brí le clárú?
Is é clárú an chaoi a dtaifeadaimid go bhfuil cead agat fanacht in Éirinn.
Má tá tú ag teacht ó lasmuigh den AE, LEE, RA nó an Eilvéis agus go bhfuil sé ar intinn agat cónaí in Éirinn ar feadh níos mó ná 90 lá, ní mór duit cead fanachta a chlárú le Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD). Ciallaíonn sé sin do chead a chlárú más mian leat obair , staidéar a dhéanamh , cónaí nó dul isteach i dteaghlach in Éirinn.
B’fhéidir gur chuir oifigeach inimirce san aerfort i gcuimhne duit do chead a chlárú.
Ní mór duit do chead a chlárú laistigh de 90 lá tar éis duit teacht go hÉirinn.
An bhfuilim i dteideal cead a chlárú?
Baineann gach cead le catagóir Stampa. Cinnfear faoin gcatagóir Stampa ina gclárófar do chead fanachta ar an mbonn faoina ndeonaítear do chead fanachta – mar shampla Stampa 1, Stampa 1H, Stampa 2, Stampa 4. Cinneann gach catagóir Stampa coinníollacha do chónaí sa Stát.
Conas a chláraím mo chead?
Ó 13/01/2025 aistreofar an fhreagracht gach iarratasóir i bPoblacht na hÉireann a chlárú chuig Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) agus ní dhéanfaidh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) é a thuilleadh.
Déanfaidh Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) clárú don chéad uair do gach cónaitheoir i bPoblacht na hÉireann .
Tá ár nOifig Chlárúcháin suite ag: 13-14 Cé an Bhuirg, Baile Átha Cliath 2, D02 XK70 .
Seo an méid a chaithfidh a bheith ar eolas agat agus coinne á dhéanamh agat:
Ní mór duit coinne a dhéanamh leis an Oifig Chlárúcháin .
Má tá cead á chlárú agat don chéad uair:
Nuair a shroicheann tú an Oifig Chlárúcháin, seiceáil isteach ag na bothanna le do thoil chun uimhir do thicéad a fháil. Glac suíochán agus cuirfidh oifigeach inimirce glaoch ort nuair a bheidh sé agat.
Le linn do choinne clárúcháin, déanfaidh tú:
Níor cheart go dtógfadh an chuairt níos mó ná 30 nóiméad.
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Úsáidfimid do ghrianghraf agus do shonraí pearsanta ar do chárta Cead Cónaithe I rish (IRP) . Léiríonn an cárta seo na coinníollacha faoina bhfuil tú i do chónaí go dleathach in Éirinn.
Cuirfimid do chárta IRP sa phost chuig an seoladh a thugann tú dúinn.
Ba cheart duit é a fháil laistigh de 10 lá oibre .
Naisc ábhartha
Seo naisc chuig faisnéis faoi Sheachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) agus Biúró Aitheantais Náisiúnta an Gharda Síochána (GNIB) a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit.