Le héifeacht ón 20 Aibreán, 2023, ní cheanglaítear ar gach iarratasóir nua ar dheimhniú eadóirseachta ach cóip dhath dheimhnithe de leathanach bithmhéadrach a bpas reatha a sholáthar. Féadfaidh Aturnae, Coimisinéir Mionnaí, Coimisinéir Síochána nó Nótaire Poiblí an chóip dhaite den leathanach bithmhéadrach a dheimhniú.
Tá deireadh leis an gceanglas maidir le cóip dheimhnithe iomlán den phas, a tugadh isteach i mí Eanáir 2022, mar chuid de shraith beart atá á dtabhairt isteach mar chuid de ghealltanas na Roinne an próiseas a dhéanamh níos cairdiúla don chustaiméir.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an ceart ag an Roinn a iarraidh go gcuirfí isteach pasanna iarbhír mar chuid den phróiseas fíoraithe, agus meastar go n-iarrfar ar thart ar 10% d’iarratasóirí a bpas a chur isteach lena fhíorú. Bunóidh an tAire a chinneadh maidir le pas bunaidh a iarraidh ar bhonn an raon faisnéise (lena n-áirítear gnéithe slándála nó rialacha sonraí níos daingne a bhaineann le pasanna éagsúla) atá ar fáil dó ag an am sin maidir leis an iarratas.