Tá curtha in iúl don Roinn Dlí agus Cirt go bhfuil glaonna sceamála faighte ag roinnt daoine den phobal ina maítear gur glaonna ó oifigeach de SSI iad.

Cé gur dealraitheach go bhfuil na glaonna ag teacht ón uimhir theagmhála do Sheachadadh Seirbhíse Inimirce, ba mhaith leis an Roinn a chur in iúl go hiomlán soiléir nach ndéanfar teagmháil choíche le baill den phobal maidir le hábhair den sórt sin ar an nguthán nó trí SMS.

Molaimid do dhaoine den phobal gan dul i mbun comhphlé leis na glaoiteoirí seo, agus gan glaonna a chur ar ais ar na huimhreacha seo, agus gan aon fhaisnéis phearsanta a roinnt leis na glaoiteoirí seo. Cuireadh an Garda Síochána ar an eolas faoi na glaonna seo.