Tá líon mór iarratas ar athnuachan cead clárúcháin á fháil ag Seachadadh na Seirbhíse Inimirce agus is é an t-am próiseála atá ann faoi láthair ná 6-9 seachtaine chun cárta IRP a athnuachan.

Tar éis athnuachan an Chlárúcháin a bheith críochnaithe, féadfaidh sé coicís eile a thógáil chun an cárta IRP nua a fháil tríd an bpost. D’fhéadfadh go mbeadh cárta IRP atá i ndáta ag teastáil chun taisteal chuig an Stát agus ón Stát a éascú.

Roimh an tréimhse saoire, tá an tAire ag impí ar dhaoine atá incháilithe iarratas athnuachana a chur isteach ar líne a luaithe is féidir, má tá a gcead reatha ag dul in éag idir seo agus an dáta imeachta atá beartaithe agat nó le linn taistil.

Dá bhrí sin, ba chóir do náisiúnaigh nach as an LEE atá sa Stát, a bhfuil orthu iarratas a dhéanamh ar athnuachan a gcárta IRP, roimh nó le linn aon taistil idirnáisiúnta atá beartaithe acu le linn na tréimhse saoire atá le teacht, iarratas a dhéanamh ar líne tríd an tairseach ar líne ISD a luaithe is féidir.

Ní féidir leis an Oifig Chlárúcháin a ráthú go ndéanfar aon athnuachan a chuirtear isteach gar don turas pleanáilte a phróiseáil agus go seachadfar cárta IRP in am chun an taisteal a éascú. Cé go ndéanfar gach iarracht é sin a dhéanamh.

Moltar d’iarratasóirí ar athnuachan gan brath ar víosaí athiontrála a eisiúint chun a dturas a éascú. Ní bhreithneofar víosaí athiontrála ach amháin má tá coinne ar fáil, má tá an t-iarratasóir ag fanacht le seachadadh a gcárta IRP agus má tá sé/sí in ann riachtanas fíor a léiriú i gcás éigeandála i.e. ní taisteal pleanáilte a bhaineann le hobair ná le haghaidh áineasa.

Tabhair faoi deara: Beag beann ar an dáta a gcuirtear iarratas athnuachana isteach nó a phróiseáiltear é, beidh an tréimhse bailíochta le haghaidh athnuachan an cheada bunaithe ar dháta éaga reatha do chárta IRP.