Beidh na chéad searmanais saoránachta eile ar siúl Dé Luain 2 agus Dé Máirt 3 Márta 2020 ag an Ionad Comhdhála Chill Airne i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Ag an searmanas glacfaidh iarrthóirí mionn dílseachta don náisiún, gheobhaidh siad a dteastas eadóirseachta agus beidh siad ina saoránaigh Éireannacha mar sin.
Leis an méid ríomhphost atá á bhfáil againn i láthair na huaire, ní bheidh deis ag an Rannán Saoránachta freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ríomhphoist faoi chuireadh chuig an gcéad searmanas eile.
Eiseofar cuirí sna seachtainí atá romhainn. Ná déan teagmháil linn maidir leis seo, le do thoil, mar nílimid in ann cuireadh a dhearbhú ag an bpointe seo.
Léigh cur síos níos faide ar cad a tharlaíonn ag searmanas saoránachta .