Tar éis thosach feidhme Chomhaontú na RA um Tharraingt Siar ón AE an 30 Eanáir 2020, le linn na hidirthréimhse go dtí 31/12/2020 leanfaidh an RA de bheith rannpháirteach i mbearta a bhaineann leis an AE lena n-áirítear an Treoir um Shaoráil Gluaiseachta. Ciallóidh sé seo nach mbeidh aon athrú ar náisiúnaigh na RA a thagann faoi rialú inimirce ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá sé tugtha le fios ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) go ndéanfar roinnt athruithe ar chomharthaíocht an Aerfoirt chun a chinntiú, ar chúiseanna oibríochtúla, go leanann sreafaí paisinéirí isteach ar bhealach éifeachtach ag na bealaí inimirce.
Tar éis na hidirthréimhse, leanfaidh náisiúnaigh na RA de na bealaí inimirce céanna a úsáid faoin gComhaontú um Limistéir Taistil. Déanfar fógraí breise níos gaire do dheireadh na hidirthréimhse.