D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, Dé hAoine 03 Nollaig 2021, go bhfuil scéim ceadaithe ag an Rialtas chun na mílte imirceach gan doiciméid agus a dteaghlaigh atá ina gcónaí in Éirinn a thabhairt chun rialtachta.
Cuirfidh an scéim ar chumas iarratasóirí incháilithe fanacht agus cónaí sa Stát agus a stádas cónaithe a thabhairt chun rialtachta. Forbraíodh an scéim tar éis próiseas comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn go díreach le daoine agus teaghlaigh atá i gcúinsí leochaileacha a bhaineann le hinimirce, chomh maith le páirtithe leasmhara idir-Ranna agus oibriúcháin.
Beidh an scéim oscailte dóibh siúd nach bhfuil cead acu faoi láthair chun cónaí in Éirinn m.sh. tháinig siad go mídhleathach nó chuaigh a gcead in éag/tarraingíodh siar blianta ó shin.
Is le haghaidh imircigh neamhdhoiciméadaithe fadtéarmacha agus a gcleithiúnaithe incháilithe a bheidh an scéim, i gcás ina gcomhlíontar na critéir shonracha. Ní mór d’iarratasóirí ar an scéim tréimhse 4 bliana cónaithe gan doiciméadú a bheith acu sa Stát gan cead inimirce, nó 3 bliana i gcás iad siúd a bhfuil leanaí faoi 18 mbliana d’aois ina gcónaí leo ar an dáta a osclaíonn an Scéim d’iarratais. Beidh daoine a bhfuil ceadanna mac léinn éagtha acu in ann iarratas a dhéanamh freisin agus is féidir leo siúd a bhfuil Ordú Ibeartha reatha acu iarratas a dhéanamh, má chomhlíonann siad an t-íosriachtanas cónaithe neamhdhoiciméadaithe agus riachtanais scéime eile.
Gearrfar táille €700 ar iarratais aonaid teaghlaigh chun cabhrú le costas riaracháin a aisghabháil. Is féidir leanaí suas go dtí 23 bliana d'aois, a chónaíonn lena dtuismitheoir(í), a áireamh in iarratas aonad teaghlaigh. Gearrfar táille €550 ar iarratais daoine aonair. Beidh ar iarratasóirí rathúla táille clárúcháin a íoc freisin chun an cead a tugadh faoin scéim a chlárú. Deonófar ceadanna ar feadh dhá bhliain ar dtús agus faoi réir choinníollacha na scéimeanna agus déanfar seiceálacha slándála a athnuachan ar feadh tréimhse eile.
Áireofar sa scéim sraith chomhthreomhar chun an moladh a chuimsítear i dtuarascáil an tSainghrúpa Chomhairligh, arna stiúradh ag an Dr Catherine Day, a chur chun feidhme trí chead a thabhairt d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil iarratas gan réiteach acu ar chosaint idirnáisiúnta agus atá sa phróiseas tearmainn ar feadh 2 bhliain ar a laghad iarratas a dhéanamh. Beidh na daoine incháilithe in ann iarratas a dhéanamh ar an tsraith sin tríd an bpróiseas foilsithe. Beidh an tsraith scéime um Chosaint Idirnáisiúnta díolmhaithe ó tháillí ag an gcéim iarratais agus ag an gclárú araon.
Agus incháilitheacht á meas don scéim ní mór d’iarratasóirí caighdeáin a chomhlíonadh maidir le dea-charachtar agus taifead coiriúil/iompraíocht agus gan a bheith ina bhagairt don Stát. Ní bheidh dícháiliú mar thoradh ar chiontuithe as mionchionta ann féin.
Ní chruthóidh an scéim seo aon teidlíochtaí nua ar athaontú teaghlaigh. Féadfaidh siad siúd a n-éiríonn leo faoin Scéim seo a bheith incháilithe ag dáta sa todhchaí faoin Doiciméad Beartais ar Athaontú Teaghlaigh Neamh-LEE.
Déanfaidh daoine atá incháilithe faoin scéim:
- Go dtabharfar cead inimirce dóibh a cheadaíonn rochtain neamhshrianta ar an margadh saothair; agus
- Blianta cónaithe a bheith acu agus an cead sin ináirithe chun críocha saoránachta a leanúint trí eadóirsiú.
Osclófar an scéim seo a bhfuil teorainn ama leis d’iarratais ar líne i mí Eanáir 2022 agus glacfar le hiarratais ar feadh 6 mhí.
Foilseofar sonraí breise maidir le critéir cháilitheacha na scéime, an próiseas iarratais agus an dáta oscailte d’iarratais ar an scéim anseo in am trátha.