Clár Iontrála na hAfganastáine oscailte d’iarratais ón Déardaoin, 16 Nollaig 2021 inniu.

Cuirfidh an Clár ar chumas náisiúnaigh reatha nó iar-náisiúnaigh na hAfganastáine a chónaíonn go dleathach in Éirinn iarratas a dhéanamh ar dhlúthbhaill dá dteaghlach, atá ina gcónaí san Afganastáin nó a theith le déanaí go críocha ar an teorainn leis an Afganastáin, iarratas a dhéanamh ar chónaí sealadach in Éirinn. Is iad na tíortha comharsanachta incháilithe: an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin agus an Táidsíceastáin.

Beidh suas le 500 áit ar fáil ar an gClár, ar cuid lárnach é d’fhreagairt an Rialtais ar an athrú ar an staid dhaonnúil san Afganastáin. Tá an Clár mar chuid de fhreagra náisiúnta comhordaithe, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ar an ngéarchéim san Afganastáin.

Tá an fhoirm iarratais agus an t-ábhar treorach chun cabhrú le hiarratas a chomhlánú ar fáil anois agus glacfar le hiarratais go dtí 5pm ar an 24 Feabhra 2022.

Ceadóidh an Clár don iarratasóir suas le ceathrar ball teaghlaigh a ainmniú le go mbreithneofar iad le haghaidh ceadú le bheith páirteach in Éirinn. Dá gceadófaí é bheadh duine muinteartha cáilithe ag brath ar áiteanna a bheith ar fáil faoin gClár.

Imlíníonn an Clár na baill teaghlaigh beartaithe a bheadh clúdaithe ag an Scéim, is é sin: céile, páirtnéir sibhialta, páirtnéir defacto, a leanaí mionaoiseacha agus leanaí fásta sa chás go bhfuil siad neamhphósta agus nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Ceadóidh sé freisin don iarratasóir seantuismitheoir nó leanbh gaolmhar mionaoiseach gan tuismitheoirí a ainmniú sa chás go bhfuil freagracht tuismitheora ar an iarratasóir. Is féidir leis an iarratasóir freisin dlúthdhuine leochaileach den teaghlach a ainmniú nach bhfuil céile, páirtí nó garghaol eile aige chun tacú leo.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go n-éilíonn na critéir incháilitheachta go gcaithfidh an t-iarratasóir a bheith in ann a bhaill teaghlaigh ainmnithe a chothabháil, lena n-áirítear cóiríocht a sholáthar dóibh. Bheadh freagracht orthu freisin as costais taistil a chlúdach.

Ba cheart go leanfadh na daoine sin ar féidir leo leas a bhaint as na bealaí eile atá i bhfeidhm cheana féin trína bhféadfadh náisiúnaigh na hAfganastáine teacht isteach go dleathach sa Stát ag déanamh amhlaidh.