Síníonn an tAire McEntee ordú ag aisiompú ceanglais víosa do roinnt náisiúntachtaí i nDeisceart na hAfraice.

Shínigh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, ordú inniu ag aisiompú na gceanglas víosa a tugadh isteach an mhí seo caite do roinnt náisiúntachtaí i nDeisceart na hAfraice chun tacú le bearta sláinte poiblí Covid-19.

Le héifeacht ó 00.01 Dé Céadaoin, an 22 Nollaig 2021, níl víosa iontrála ag teastáil a thuilleadh do náisiúnaigh na Botsuáin, na hEswatini (an tSuasalainn roimhe seo), Leosóta agus na hAfraice Theas, agus níl víosa idirthurais ag teastáil a thuilleadh ar náisiúnaigh na Botsuáin, Eswatini, Leosóta, Mósaimbíc, na Namaib agus na hAfraice Theas.

Ní mór do gach taistealaí a thagann go hÉirinn leanúint de bheith ag cloí go hiomlán leis na bearta atá riachtanach de réir an dlí lena n-áirítear cruthúnas ar vacsaíniú, aisghabháil ó Covid-19 nó tástáil PCR diúltach go Rialú Inimirce ag a gcalafort iontrála go dtí an Stát.

Mura bhfuil tú cinnte an dteastaíonn víosa/réamh-imréiteach uait chun teacht isteach go hÉirinn is féidir leat seiceáil anseo .

Is féidir faisnéis bhreise d'fhostaithe agus d'fhostóirí a fháil anseo .