Mar is eol daoibh, d'fhógair an tAire McEntee scéim uair amháin sa ghlúin le déanaí chun imircigh neamhdhoiciméadaithe agus a gcleithiúnaithe atá ina gcónaí sa Stát a thabhairt chun rialtachta.
Mar chuid dá fógra, leag an tAire síos freisin ar shraith ar leith ina n-áireofar próiseas comhthreomhar chun an moladh a chuimsítear i dtuarascáil an tSainghrúpa Chomhairligh, faoi stiúir an Dr Catherine Day, a chur i bhfeidhm chun ligean d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil iarratas gan réiteach acu agus atá sa phróiseas tearmainn ar feadh 2 bhliain ar a laghad iarratas a dhéanamh.
Próiseas iarratais ar leith a bheidh sa tsraith cosanta idirnáisiúnta seo don scéim neamhdhoiciméadaithe fadtéarmach agus déanfaidh an fhoireann Aireachta san Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta é a phróiseáil. Ba mhaith liom a chur in iúl duit nach gá duit aon bheart a dhéanamh faoi láthair. Tá sé mar aidhm againn scríobh chuig ár n-iarratasóirí incháilithe go luath in 2022 chun téarmaí na scéime a leagan amach agus sonraí a sholáthar maidir le conas is féidir leo iarratas a dhéanamh.
Cuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo i mí Eanáir 2022, lena n-áirítear sonraí ar na téarmaí, na critéir agus an próiseas iarratais don tsraith seo, mar aon le doiciméad Ceisteanna Coitianta (CCanna), a bheidh ina chuidiú duit, tá súil agam.
Dóibh siúd agaibh a bheidh ag ceiliúradh na Nollag, guím Nollaig Shona Daoibh oraibh – Nollaig Shona Dhaoibh.
Go raibh maith agat.
David Delaney
An Phríomh-Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta