Ó Dé Máirt 1 Márta 2022, tá leagan nua den chárta Cead Cónaithe Éireann (IRP) á thabhairt isteach do gach náisiúnach neamh-LEE atá cláraithe chun cónaí, oibriú nó staidéar a dhéanamh in Éirinn.
Áiríonn an cárta IRP nua, a chomhlíonann sonraíochtaí formáid choiteanna nuashonraithe an AE, síniú shealbhóir an chárta chomh maith le gnéithe slándála breise.
Seo sampla de chuma an chárta IRP nua:

(Tosaigh cárta IRP nua)

(Cúl cárta IRP nua)
Fanfaidh an seanleagan de na cártaí IRP (féach an sampla thíos) bailí go dtí an dáta éaga atá priontáilte ar an gcárta nó go dtí an 31 Bealtaine 2022, cibé acu is déanaí.
Tá an dáta an 31 Bealtaine 2022 ag teacht leis an síneadh sealadach ar cheadanna inimirce a d’fhógair an tAire le linn Covid-19.

(Tosach an tseanchárta IRP)

(Cúl an tseanchárta IRP)
Tá tuilleadh eolais faoi chártaí IRP ar fáil ar líne anseo .